‘Nuair a bheidh mise mór rachaidh mé ag seilg dragúin’.
Tá béirín beag ag smaoineamh faoin lá a mbeidh sé ina bhéar mór misniúil, gan faitíos air roimh rud ar bith.
Ach faoi láthair, cuireann rudaí go leor faitíos air…
Scéal álainn faoi thuras fada isteach i dtír na samhlaíochta.
Beidh tú faoi dhraíocht ag na pictiúir agus titfidh tú i ngrá leis an mbéirín!