SÉIDEÁN SÍ – Úrscéal nua don chlár léitheoireachta do pháistí sna hardranganna.
Níl dúil ar bith ag Dáibhí Ó Dalaigh sna scéalta traidisiúnta ná sna piseoga. Dar leis, níl sna scéalta faoi Naomh Gobnait agus an Gadaí Dubh ach seafóid. Ach braitheann Dáibhí draíocht dhomhínithe éigin agus é ar strae tráthnóna dorcha i dTeampall Naomh Gobnait. An eol don Ghadaí an choir atá déanta ag Dáibhí? An bhfuil fírinne ag baint leis na piseoga?